An 4ú ceardlann ar theicneolaíocht teanga do na teangacha Ceilteacha

i bpáirtíocht le LREC 2022 in Marseille, an Fhrainc


Clár

Dé Luain an 20 Meitheamh

Palais du Pharo, Joliette (léarscáil)

09:00–09:10 Fáilte
An lucht eagraithe CLTW
09:10–09:50 Eochairléacht
An tOllamh Kevin Scannell, Saint Louis University
09:50–10:15 Seisiún Cainte 1
09:50–10:15 Multilingual Abstract Meaning Representation for Celtic Languages
Johannes Heinecke agus Anastasia Shimorina
10:15–11:00 Sos Caife / Seisiún Póstaer
11:05–11:55 Seisiún Cainte 2
11:05–11:30 BU-TTS: An Open-Source, Bilingual Welsh-English, Text-to-Speech Corpus
Stephen Russell, Dewi Jones agus Delyth Prys
11:30–11:55 Developing Automatic Speech Recognition for Scottish Gaelic
Lucy Evans, William Lamb, Mark Sinclair agus Beatrice Alex
11:55–13:00 Seisiún Cainte 3
11:55–12:20 Handwritten Text Recognition (HTR) for Irish-Language Folklore
Brian Ó Raghallaigh, Andrea Palandri agus Críostóir Mac Cárthaigh
12:20–12:45 AAC don Ghaeilge: the Prototype Development of Speech-Generating Assistive Technology for Irish (GRADAM DON PHÁIPÉAR IS FEARR)
Emily Barnes, Oisín Morrin, Ailbhe Ní Chasaide, Julia Cummins, Harald Berthelsen, Andy Murphy, Muireann Nic Corcráin, Claire O’Neill, Christer Gobl agus Neasa Ní Chiaráin
12:45–13:00 Seisiún Fágála
An lucht eagraithe CLTW

 

Aighneachtaí a bhfuil glacadh leis

imeachtaí na ceardlainne foilsithe anois!

Chuir roinnt údar pdf de phóstaeir/sleamhnáin ar fáil dúinn; tugtar naisc i ndiaidh theideal an pháipéir sa chás sin.

  • • AAC DON GHAEILGE: THE PROTOTYPE DEVELOPMENT OF SPEECH-GENERATING ASSISTIVE TECHNOLOGY FOR IRISH (GRADAM DON PHÁIPÉAR IS FEARR)
    • Emily Barnes, Oisín Morrin, Ailbhe Ní Chasaide, Julia Cummins, Harald Berthelsen, Andy Murphy, Muireann Nic Corcráin, Claire O’Neill, Christer Gobl agus Neasa Ní Chiaráin
  • • AUTOMATIC SPEECH RECOGNITION FOR IRISH: THE ABAIR-ÉIST SYSTEM
    • Liam Lonergan, Mengjie Qian, Harald Berthelsen, Andy Murphy, Christoph Wendler, Neasa Ní Chiaráin, Christer Gobl agus Ailbhe Ní Chasaide
  • • BU-TTS: AN OPEN-SOURCE, BILINGUAL WELSH-ENGLISH, TEXT-TO-SPEECH CORPUS
    • Stephen J. Russell, Dewi Jones agus Delyth Prys
  • • CELTIC CALL: STRENGTHENING THE VITAL ROLE OF EDUCATION FOR LANGUAGE TRANSMISSION
    • Neasa Ní Chiaráin, Madeleine Comtois, Oisín Nolan, Neimhin Robinson-Gunning, John Sloan, Harald Berthelsen agus Ailbhe Ní Chasaide
  • • CIPHER – FAOI GHEASA: A GAME-WITH-A-PURPOSE FOR IRISH [póstaer]
    • Elaine Uí Dhonnchadha, Monica Ward agus Liang Xu
  • • CLILSTORE.EU – A MULTILINGUAL ONLINE CLIL PLATFORM
    • Caoimhín Ó Dónaill
  • • CREATION OF AN EVALUATION CORPUS AND BASELINE EVALUATION SCORES FOR WELSH TEXT SUMMARISATION
    • Mahmoud El-Haj, Ignatius Ezeani, Jonathan Morris agus Dawn Knight
  • • DEVELOPING AUTOMATIC SPEECH RECOGNITION FOR SCOTTISH GAELIC
    • Lucy V. Evans, William Lamb, Mark Sinclair agus Beatrice Alex
  • • DEVELOPMENT AND EVALUATION OF SPEECH RECOGNITION FOR THE WELSH LANGUAGE [póstaer]
    • Dewi Jones
  • • DIACHRONIC PARSING OF PRE-STANDARD IRISH
    • Kevin Scannell
  • • EVALUATION OF THREE WELSH LANGUAGE POS TAGGERS [póstaer]
    • Gruffudd Prys agus Gareth Llewellyn Watkins
  • • HANDWRITING RECOGNITION FOR SCOTTISH GAELIC
    • William Lamb, Beatrice Alex agus Mark Sinclair
  • • HANDWRITTEN TEXT RECOGNITION (HTR) FOR IRISH-LANGUAGE FOLKLORE
    • Brian Ó Raghallaigh, Andrea Palandri agus Críostóir Mac Cárthaigh
  • • INTRODUCING THE NATIONAL CORPUS OF IRISH PROJECT
    • Mícheál J. Ó Meachair, Úna Bhreathnach agus Gearóid Ó Cleircín
  • • ITERATED DEPENDENCIES IN A BRETON TREEBANK AND IMPLICATIONS FOR A CATEGORIAL DEPENDENCY GRAMMAR [póstaer]
    • Annie Foret, Denis Béchet agus Valérie Bellynck
  • • MULTILINGUAL ABSTRACT MEANING REPRESENTATION FOR CELTIC LANGUAGES [sleamhnáin]
    • Johannes Heinecke agus Anastasia Shimorina
  • • TOWARDS COREFERENCE RESOLUTION FOR EARLY IRISH
    • Mark Darling, Marieke Meelen agus David Willis
  • • USE OF TRANSFORMER-BASED MODELS FOR WORD-LEVEL TRANSLITERATION OF THE BOOK OF THE DEAN OF LISMORE [póstaer]
    • Edward Gow-Smith, Mark McConville, William Gillies, Jade Scott agus Roibeard Ó Maolalaigh

Imlíne

Tá a lán uirlisí próiseála agus acmhainní teanga nua-aimseartha ar fáil dúinn le blianta beaga anuas i ngeall ar nuálaíochtaí taighde sa Teicneolaíocht Teanga agus sa Ríomhtheangeolaíocht. Tugann bunuirlisí teanga amhail litreoirí agus gramadóirí agus córais idirghníomhacha ar nós Siri, chomh maith le hacmhainní cosúil le Trillion Word Corpus, táirgí agus seirbhísí dúinn a fheabhsaíonn an saol ina mairimid.

Go dtí le déanaí, níor tugadh an aird chéanna sa réimse seo do theangacha le pobail níos lú cainteoirí, amhail teangacha Ceilteacha. Ach de bharr teicnící nua-aimseartha sa réimse tá sé níos éasca uirlisí agus acmhainní teanga a chruthú le níos lú acmhainní agus in achar níos giorra. I ngeall air seo, tá a lán teangacha neamhfhorleathana ag teacht isteach sa ré dhigiteach trí theicneolaíochtaí agus acmhainní teanga a bheith á gcur ar fáil dóibh.

Cuireann sraith ceardlann CTLW fóram ar fáil do thaighdeoirí ar spéis leo acmhainní agus teicneolaíochtaí NLP (próiseáil teanga nádúrtha) a chur ar fáil do theangacha Ceilteacha. Ós rud é go bhfuil na teangacha Ceilteacha gann in acmhainní, an aidhm atá againn ná comhoibriú agus cumarsáid a spreagadh i measc taighdeoirí atá ag obair ar theicneolaíochtaí agus ar acmhainní teanga do na teangacha Ceilteacha.

Réimsí spéise

Cuireann CLTW fáilte roimh aighneachtaí teoiriciúla agus praiticiúla ar theanga Cheilteach ar bith a chuireann le taighde nó le hacmhainní i réimse na próiseála uathoibrithe teanga, nó i réimse na teicneolaíochta teanga. Cuirfimid fáilte ar leith roimh pháipéir a théann i ngleic le heasnamh acmhainní sa réimse seo atá ar fáil do theanga faoi leith.

Áirítear, gan a bheith teoranta dóibh, na topaicí seo thíos i measc thopaicí suntais CLTW:

  • • Acmhainní teanga do na teangacha Ceilteacha
  • • Comhréir
  • • Séimeantaic
  • • Léacsacain
  • • Anótáil mhaoirsithe agus leathmhaoirsithe ar théacsanna sna teangacha Ceilteacha (Clibeáil POS / deilbhíochta)
  • • Foghlaim ríomhchuidithe teangacha (CALL)
  • • Aistriúchán meaisínchuidithe
  • • Parsáil / parsáil éadomhain
  • • Téarmeolaíocht agus macasamhlú eolais
  • • Próiseáil / giniúint urlabhra
  • • Na daonnachtaí digiteacha Ceilteacha (Celtic Digital Humanities)
  • • Anailís / forbairt ar chorpais na dTeangacha Ceilteacha
  • • Forbairt corpas crann comhréire (“Crannbhancáil”)
  • • Modheolaíochtaí measúnachta
  • • Léacsacain ointeolaíochta
  • • Acmhainní sonraí nasctha
  • • Asbhaint faisnéise
  • • Traschur foghlama (Transfer Learning)
  • • Modhanna tras-teangacha
  • • Próiseáil teanga nádúrtha (NLP) / teicneolaíocht teanga (LT) do theangacha Ceilteacha stairiúla

Aoichainteoir

An tOllamh Kevin Scannell, Ollscoil Saint Louis, SAM (teideal na léachta le deimhniú)

Dátaí tábhachtacha

  • • Spriocdháta chun páipéir le cur isteach: an 8 Aibreán 15 Aibreán, 2022 (AoE)
  • • Fógra maidir le glacadh: an 3 Bealtaine, 2022
  • • Spriocdháta chun leagan deireanach den pháipéar a chur isteach: an 23 Bealtaine, 2022
  • • Ceardlann: an 20 Meitheamh, 2022 (maidin)

Is féidir le páipéir a bheith 4 (gearr) nó 8 leathanach (fada). Déantar aighneachtaí ag https://www.softconf.com/lrec2022/CLTW2022/. Roghnófar mar chaint nó mar phóstaer iad de réir an mhodha is oiriúnaí don ábhar. Ní bheidh aon difríocht sa chaoi a gcaitear leo sna himeachtaí foilsithe. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil páipéir IOMLÁNA (full paper submissions) á lorg ag LREC 2022. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an tairseach aighneachta.

Roinn do chuid acmhainní teanga! Féach ar https://lrec2022.lrec-conf.org/en/submission2022/share-your-lrs/.

Coiste cláir

  • • Beatrice Alex (Ollscoil Dhún Éideann)
  • • Colin Batchelor (Cumann Ríoga na Ceimice, RA)
  • • Ann Foret (Ollscoil Rennes 1)
  • • John Judge (ADAPT/ Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath)
  • • Teresa Lynn (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath)
  • • Mark McConville (Ollscoil Glaschú)
  • • John P. McCrae (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh)
  • • Marieke Meelen (Ollscoil Cambridge)
  • • Ailbhe Ní Chasaide (Coláiste na Tríonóide)
  • • Neasa Ní Chiaráin (Coláiste na Tríonóide)
  • • Brian Ó Raghallaigh (Fiontar/ Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath)
  • • Thierry Poibeau (Saotharlann Lattice, CNRS – École Normale Supérieure, Sorbonne Nouvelle)
  • • Kevin Scannell (Ollscoil Saint Louis)
  • • Elaine Uí Dhonnchadha (Coláiste na Tríonóide)
  • • Monica Ward (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath)
  • • Pauline Welby (Laboratoire Parole et Langage (LPL), CNRS – Ollscoil Aix Marseille)
  • • David Willis (Ollscoil Oxford)

Coiste eagraithe