Ceardlann ar theicneolaíocht teanga do na teangacha Ceilteacha

(Celtic Language Technology Workshop)

Lucht taighde agus ceardlanna um theicneolaíochtaí próiseála teanga agus urlabhra do na teangacha Ceilteacha


 

** Cliceáil anseo le heolas a fháil faoin gceathrú Ceardlann ar Theicneolaíocht Teanga do na Teangacha Ceilteacha (CLTW 2022), i bpáirtíocht le LREC 2022 **

Réamhrá

Tá pobal agus ceardlann CLTW – a bunaíodh ag COLING 2014 (Baile Átha Cliath) – ina fhócas agus fóram ríthábhachtach do thaighdeoirí atá ag obair i bpróiseáil teanga nádúrtha (NLP) agus i dteicneolaíochtaí teanga do na teangacha Ceilteacha. Tá taighde spreagtha aige agus dlús curtha faoi trí chumarsáid agus comhoibriú a éascú go hidirnáisiúnta. Tá spéis ag ár bpobal sa teicneolaíocht teanga do chéimeanna comhaimseartha agus stairiúla na dteangacha Ceilteacha.

Sa ré chlasaiceach, fuarthas teangacha Ceilteacha ar fud na hEoráise. Sa lá atá inniu ann, labhraítear iad i gceantair den Ríocht Aontaithe agus in Éirinn, agus sa Bhriotáin, sa Fhrainc. Is iad na nuatheangacha: Gaeilge, Briotáinis, Manainnis, Breatnais, Coirnis agus Gaeilge na hAlban. Cé go bhfuil a bpobail oidhreachta beag i gcomparáid le mórchuid de na teangacha Eorpacha eile, tá láithreacht bhríomhar fós acu sna ceantair thraidisiúnta agus i lárionaid na mbailte móra. Cé gurb í an Ghaeilge an t-aon teanga Cheilteach amháin a bhfuil stádas oifigiúil teanga an Aontais Eorpaigh aici (ó 2007), tá stádas comhoifigiúil ag an mBreatnais, Gaeilge na hAlban agus ag an Manainnis. Tá stádas teoranta ag an mBriotáinis agus ag an gCoirnis ina gceantair dhúchais freisin. Mar sin féin, tá dúshláin den chineál céanna roimh na teangacha Ceilteacha go léir, is é sin an easpa acmhainní NLP (próiseáil teanga nádúrtha) d’fhonn tacaíocht leanúnach teicneolaíochta a chinntiú sa ré dhigiteach.

Cé go bhfuil na teangacha Ceilteacha beagán cosúil le mionteangacha eile ó thaobh cúrsaí sochtheangeolaíochta de, tá gnéithe teangeolaíocha ar leith i bpáirt acu (e.g. ord na bhfocal VSO, athruithe tosaigh, agus córas deilbhíochta réasúnta casta). Mar sin de, tá dúshláin ar leith ag baint le forbairt uirlisí NLP láidre. Trí thaighdeoirí ó na teangacha Ceilteacha ar fad a thabhairt le chéile, tá sé mar aidhm ag CLTW dea-chleachtas a roinnt chun na deacrachtaí seo a shárú.

Cúlra agus comhoibriú

Téann an comhoibriú taighde idir an Ríocht Aontaithe agus Éire i réimse theicneolaíochtaí na dteangacha Ceilteacha siar go dtí 2004 nuair a chuir Ollscoil Bangor sa Ríocht Aontaithe agus Coláiste na Tríonóide, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mBaile Átha Cliath tús le taighde ar Acmhainní Próiseála Urlabhra na Breatnaise agus na Gaeilge (WISPR) faoi chlár Interreg III na Breataine Bige/na hÉireann. Tháinig OÉ Gaillimh ar bord níos déanaí nuair a bunaíodh Grúpa Theicneolaíochtaí na dTeangacha Ceilteacha sa bhliain 2014. Cuimsíonn an grúpa seo anois na nuatheangacha Ceilteacha go léir i measc ár spéiseanna i dteicneolaíochtaí teanga. Reáchtálamar trí cheardlann rathúla agus foilsíodh imeachtaí iomráiteacha mar thoradh orthu, ceann amháin bainteach le COLING in 2014, ceann le TALN in 2016 agus ceann le Cumann Eorpach an Mheaisínaistriúcháin in 2019 (féach Ceardlanna).

Reáchtáladh plé comhchéime ag an gComhdháil Cheilteach, in Ollscoil Bangor freisin in 2019, chun plé a dhéanamh ar chomhoibriú breise idir na nuatheangacha Ceilteacha sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn i réimse Theicneolaíochtaí na dTeangacha Ceilteacha. Ba é an chonclúid a tháinig ón bplé Comhchéime go bhfuil comhoibriú níos dlúithe inmhianaithe: “Astu féin, tá ár bpobail teanga an-bheag, agus trí theacht le chéile cruthófar mais chriticiúil chun tionscadail taighde a fhorbairt agus tacaíocht a thabhairt dá chéile.” Féach anseo le haghaidh taifead iomlán ar an bplé.

Ceardlanna

Beidh an ceathrú ceardlann CLTW ar siúl ag LREC 2022 in Marseille, an Fhrainc. Eagraíodh trí ócáid rathúla roimhe seo:

  • • Baile Átha Cliath, Éire, 2019, i bpáirtíocht le MT Summit XVII (suíomh gréasáinimeachtaí)
  • • Páras, an Fhrainc, 2016, mar chuid de 6ú comhdháil chomhpháirteach JEP-TALN-RECITAL 2016 (imeachtaí)
  • • Baile Átha Cliath, Éire, 2014, i bpáirtíocht le 25th International Conference on Computational Linguistics (COLING) (suíomh gréasáinimeachtaí)

Bígí linn

Cuirimid fáilte i gcónaí roimh bhaill nua. Bí i do bhall de CLTW ag celtic-language-technology@googlegroups.com.